Nuacht

13-03-2024 16:23
Digital transformation
March 2024

Dé Céadaoin, d’fhormheas PE an Gníomh um an Intleacht Shaorga lena gcinntítear sábháilteacht agus comhlíonadh na gceart bunúsach, agus borradh á chur faoin nuálaíocht ag an am céanna. Tá sé mar aidhm leis cearta bunúsacha, an daonlathas, an smacht reachta agus inbhuanaitheacht an chomhshaoil a chosaint ar IS ardriosca, agus borradh a chur faoin nuálaíocht agus ceannaire a dhéanamh den Eoraip sa réimse ag an am céanna.

12-03-2024 15:43
Climate change and the environment
March 2024

Dé Máirt, ghlac na Feisirí Eorpacha pleananna, a comhaontaíodh leis an gComhairle cheana féin, chun tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó earnáil na bhfoirgneamh a laghdú.

27-02-2024 17:02
EU in the World
February II 2024

D’fhormheas na Feisirí maoiniú fadtéarmach don Úcráin, don ‘Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip’ (STEP), agus athruithe móra gaolmhara ar bhuiséad ilbhliantúil an Aontais.

27-02-2024 14:27
Climate change and the environment
February II 2024

Tá sé mar sprioc leis an dlí nua 20% ar a laghad de thalamh agus farraigí an Aontais a athchóiriú faoi 2030 agus gach éiceachóras a bhfuil sé de dhíth orthu a athchóiriú faoi 2050.

07-02-2024 17:42
Climate change and the environment
February I 2024

Ar mhaithe le córas bia inbhuanaithe, athléimneach, tacaíonn PE le próiseas níos simplí do phlandaí TGN atá comhionann le gnáthphlandaí. Beidh rialacha níos déine ann do phlandaí TGN eile. Ghlac an Pharlaimint a seasamh don chaibidlíocht leis na Ballstáit maidir leis an togra ón gCoimisiún faoi Theicnící Géanómaíocha Nua (TGNanna), a athraíonn ábhar géiniteach orgánaigh, le 307 vóta in aghaidh 263 agus 41 staonadh.

18-01-2024 12:45
Climate change and the environment
January 2024

Tá cead deiridh tugtha ag an bParlaimint do threoir a chuirfidh feabhas ar lipéadú táirgí agus a chuirfidh cosc ar úsáid a bhaint as maímh chomhshaoil mhíthreoracha. Leis an treoir, a glacadh inniu le 593 vóta i bhfabhar, 21 vóta i gcoinne agus 14 staonadh, féachtar le tomhaltóirí a chosaint ar chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha agus cabhrú leo roghanna ceannaigh níos fearr a dhéanamh.

21-11-2023 12:23
Climate change and the environment
November II 2023

Ghlac an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta ar bhearta nua chun an ceart chun deisiúcháin a neartú agus chun tionchar an olltomhaltais ar an gcomhshaol a laghdú. Dé Máirt, ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir le ‘ceart chun deisiúcháin’ níos láidre do thomhaltóirí. Is é is aidhm don togra tomhaltas níos inbhuanaithe a spreagadh, trína dhéanamh níos éasca earraí lochtacha a dheisiú, dramhaíl a laghdú agus tacú le hearnáil an deisiúcháin.

03-10-2023 12:59
Values and rights, rule of law, security
October I 2023

Mar fhreagairt ar bhagairtí méadaitheacha ar shaoirse na meán agus inmharthanacht an tionscail, ghlac na Feisirí seasamh ar dhlí chun trédhearcacht agus neamhspleáchas mheáin AE a neartú. Ina seasamh ar an Ionstraim Eorpach um Shaoirse na Meán, a glacadh Dé Máirt, is mian leis an bParlaimint ceangal a chur ar na Ballstáit iolrachas na meán a chinntiú agus neamhspleáchas na meán a chosaint ar thrasnaíocht rialtasach, pholaitiúil, eacnamaíoch nó phríobháideach.

03-10-2023 12:52
EU in the World
October I 2023

Go príomha, is bac atá san ionstraim trádála nua, ach cuirfidh sé ar chumas an Aontais dul i ngleic leis an gcomhéigean eacnamaíoch agus freagairt lena fhrithbhearta féin. D’fhormheas an Pharlaimint ionstraim trádála nua Dé Máirt chun cur ar chumas AE freagairt, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus mar rogha dheireanach, i gcás ina mbeadh ar an Aontas nó ar na Ballstáit dul i ngleic le dúmhál eacnamaíoch ó thír eachtrach atá ag iarraidh tionchar a imirt ar bheartas nó seasamh sonrach.

12-09-2023 13:29
Climate change and the environment
September 2023

Vótáil PE Dé Máirt chun borradh a chur faoi úsáid fuinnimh in-athnuaite, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas agus pleananna REPowerEU. Leis an nuashonrú ar an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED), a chomhaontaigh na Feisirí agus an Chomhairle cheana, ardaítear sciar na bhfoinsí in-athnuaite in ídiú fuinnimh deiridh an Aontais go dtí 42.5% faoi 2030. Ba cheart do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh 45% a bhaint amach.

12-07-2023 14:00
Health
July 2023

Is mian leis na Feisirí Aontas Sláinte na hEorpa agus athléimneacht na gcóras sláinte náisiúnta a threisiú i bhfianaise na ndúshlán a bheidh ann amach anseo. Le bliain anuas, rinne Coiste Speisialta Pharlaimint na hEorpa um Paindéim COVID-19 (COVI) anailís ar thionchar na géarchéime, rinne sé meastóireacht ar éifeachtacht bhearta an Aontais agus na mbeart náisiúnta agus rinne sé moltaí sonracha chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí agus laigí ina ngníomhaíochtaí.

11-07-2023 13:21
Climate change and the environment
July 2023

D’fhormheas na Feisirí rialacha nua maidir le tuilleadh stáisiún breosla mhalartaigh do charranna agus do thrucailí, athluchtú simplí agus éasca, agus breoslaí muirí níos glaine. Is cuid den phacáiste ‘Oiriúnach do 55 in 2030’, iad na rialacha nua. Is é sin plean an Aontais astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Tá sé mar aidhm leo an earnáil iompair a dhícharbónú. Stáisiúin luchtaithe níos éasca le húsáid

11-07-2023 13:19
Values and rights, rule of law, security
July 2023

Is mian leis an bParlaimint neart a chur le cosaint d’iriseoirí agus gníomhaithe in AE i gcoinne cásanna dlí gan bhunús agus mí-úsáideacha atá ag iarraidh iad a chur ina dtost. Thacaigh na Feisirí le dréacht-reachtaíocht nua sa suí iomlánach Dé Máirt. Faoin reachtaíocht sin, déanfar iriseoirí, eagraíochtaí meán, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe, taighdeoirí agus ealaíontóirí a chosaint san Aontas ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna).

14-06-2023 12:52
Digital transformation
June 2023

Is é is aidhm do na rialacha úsáid IS atá duine-lárnach agus iontaofa a chur chun cinn agus sláinte, sábháilteacht, cearta bunúsacha agus an daonlathas a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha. Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh caibidlíochta ar an nGníomh um an Intleacht Shaorga (IS) Dé Céadaoin le 499 vóta i bhfabhar, 28 i gcoinne agus 93 ag staonadh. Beidh na cainteanna le Ballstáit an Aontais maidir le cruth deiridh an dlí á dtosú go luath.

01-06-2023 12:30
Values and rights, rule of law, security
May II 2023

Tá an Pharlaimint ag iarraidh straitéis chomhordaithe chun cumas an Aontais cur i gcoinne trasnaíocht eachtrach agus ionramháíl faisnéise a mhéadú agus toghcháin Eorpacha 2024 a chosaint. Is dócha go leanfaidh trasnaíocht eachtrach, bréagaisnéis, agus ionsaithe ar an daonlathas ar aghaidh níos mó ná riamh agus go n-éireoidh siad níos cliste sa tréimhse roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh 2024, a deir FPEnna.

11-05-2023 12:24
Climate change and the environment
March I 2023

Thacaigh na Feisirí le dréacht-dlí Déardaoin chun lipéadú agus marthanacht táirgí a fheabhsú agus chun deireadh a chur le maíomh míthreorach.

19-04-2023 12:29
Climate change and the environment
April 2023

Chun an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac, beidh ar chuideachtaí a chinntiú nach mbeidh táirgí a dhíoltar in AE ina gcúis le dífhoraoisiú nó díghrádú foraoise.

18-04-2023 12:18
Climate change and the environment
April 2023

Ghlac FPEnna athchóiriú ar Chóras Trádála Astaíochtaí AE an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha agus Ciste Aeráide Sóisialta nua. Dé Máirt, d’fhormheas an Pharlaimint na comhaontuithe ar thángthas orthu le Ballstáit an Aontais ag deireadh 2022 maidir le roinnt píosaí tábhachtacha reachtaíochta ar cuid iad den phacáiste ‘Oiriúnach do 55 in 2030’. Is é sin plean an Aontais chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú 55% i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach.

30-03-2023 11:51
A stronger economy, social justice and jobs
March II 2023

Faoin reachtaíocht nua beidh ceangal ar chuideachtaí AE faisnéis a nochtadh chun gur féidir le fostaithe comparáid a dhéanamh idir a bpá agus bearnaí pá idir na hinscní a nochtadh.

14-03-2023 13:02
Climate change and the environment
March I 2023

Ghlac an Pharlaimint dréachtbhearta Dé Máirt chun an ráta athchóirithe a mhéadú agus chun tomhaltas fuinnimh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

14-03-2023 12:25
Climate change and the environment
March I 2023

Leis an Rialachán nua faoi Chomhroinnt Díchill, laghdaítear an t-uasleibhéal ceadaithe d’astaíochtaí gás ceaptha teasa sna Ballstáit ón iompar, ó fhoirgnimh agus ón talmhaíocht go dtí 2030.

14-02-2023 12:54
Climate change and the environment
February II 2023

FPEnna sásta bearta REPowerEU a áireamh i bpleananna náisiúnta chun bheith neamhspleách ar bhreoslaí iontaise ón Rúis, an t-aistriú glas a bhrostú agus déileáil le bochtaineacht fuinnimh.

22-11-2022 13:12
EU in the World
November II 2022

Tá dlí nua glactha ag Parlaimint na hEorpa chun bonneagar bunriachtanach an Aontais a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí.

22-11-2022 13:05
Values and rights, rule of law, security
November II 2022

Faoi dheireadh mhí Iúil 2026, beidh ar gach comhlacht mór san AE, atá liostaithe go poiblí, níos mó ban a roghnú do phoist cheannaireachta.

04-10-2022 12:09
Health
October I 2022

Ghlac an Pharlaimint le bearta nua chun neartú a dhéanamh ar chumas AE ráigeanna de ghalair thógálacha a chosc agus a rialú agus chun dul i ngleic le bagairtí trasteorann don tsláinte.

14-09-2022 13:17
A stronger economy, social justice and jobs
September 2022

Ba cheart go gcinnteodh an pá íosta caighdeáin mhaireachtála agus oibre chóra i ngach tír den Aontas, agus ba cheart do na Ballstáit cómhargáil faoi phá a chur chun cinn.

03-05-2022 15:07
European democracy
May I 2022

Tús curtha ag an bParlaimint le hathchóiriú ar Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Thoghcháin, chun na 27 dtoghchán agus na rialacha éagsúla a ghabhann leo a iompú ina dtoghchán Eorpach aonair.

03-05-2022 15:07
European democracy
May I 2022

Tús curtha ag an bParlaimint le hathchóiriú ar Ionstraim an Aontais Eorpaigh um Thoghcháin, chun na 27 dtoghchán agus na rialacha éagsúla a ghabhann leo a iompú ina dtoghchán Eorpach aonair.