Maidir linne

Tá eolas ginearálta anseo faoin gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa (2021-2022).Tá faisnéis shonrach ar fáil freisin faoi Théamaí na Comhdhála agus faoi Chruinniú iomlánach na Comhdhála agus faoi Mheithleacha na gCruinnithe Iomlánacha.

Cad ab ábhar don Chomhdháil?

Is é a bhí sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa ná cleachtadh trédhearcach agus cuimsitheach sa daonlathas dioscúrsach nach bhfacthas a leithéid riamh cheana. Trí pháirt a ghlacadh sa Chomhdháil, bhí Eorpaigh in ann a n-ionchais i leith na hEorpa agus an íomhá atá acu don Eoraip a chomhroinnt agus tograí a fhoirmliú chun cuidiú le beartais AE amach anseo a threorú.
I ndearbhú comhpháirteach a síníodh an 10 Márta 2021 sa Bhruiséil, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach go reáchtálfaí an Chomhdháil. Gheall na trí institiúid, a raibh Uachtarán gach institiúide acu san Uachtaránacht Chomhpháirteach, go n-éistfidís leis na hEorpaigh agus go ndéanfaidís gníomh iardain go mear, faoi chuimsiú a réimse inniúlachta, i leith na moltaí arna ndéanamh. Tháinig an Chomhdháil ar a conclúidí in earrach 2022.
Rinne an Bord Feidhmiúcháin, thar ceann na hUachtaránachta Comhpháirtí, maoirseacht ar obair na Comhdhála. Bhí sé comhdhéanta d'ionadaithe ó na trí institiúid ar bhonn cothrom agus rinneadh comhchathaoirleacht air. Bhí ionadaithe COSAC ó Pharlaimintí Náisiúnta AE ina mbreathnóirí ar na cruinnithe uile den Bhord. Tugadh cuireadh freisin d'ionadaithe ó Choiste Eorpach na Réigiún agus ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus do na comhpháirtithe sóisialta, freastal ar na cruinnithe mar bhreathnóirí.

Cérbh é leagan amach na Comhdhála?

Seoladh an Chomhdháil go hoifigiúil an 9 Bealtaine 2021 le linn searmanas ag Parlaimint na hEorpa in Strasbourg, tar éis an Bord Feidhmiúcháin a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh. Tháinig sé seo sna sála ar sheoladh Ardán Digiteach Ilteangach na Comhdhála an 19 Aibreán.
Ar an ardán, bhí na saoránaigh in ann tograí a thíolacadh ar líne, smaointe a chomhroinnt agus idirghníomhú i 24 theanga oifigiúla an Aontais. Bailíodh na rannchuidithe sin, anailísíodh iad, agus rinneadh faireachán orthu, i rith na Comhdhála. Ar an ardán freisin, grúpáladh imeachtaí arna reáchtáil ag daoine agus ag eagraíochtaí agus freisin ag údaráis náisiúnta, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla ar fud na hEorpa. Úsáideadh na smaointe agus na moltaí lárnacha ón ardán mar ionchur don dá ghné eile den Chomhdháil, na Painéil Saoránach Eorpacha agus an Seisiún Iomlánach.
Bhí gach ceann de na ceithre Phainéal Saoránach Eorpacha comhdhéanta de 200 saoránach, a roghnaíodh go randamach, a phléigh ábhair éagsúla agus a chuir a gcuid tograí ar aghaidh. Bhí na painéil ina léiriú ar dhaonra an Aontais ó thaobh tionscnamh geografach de, ó thaobh inscne de, ó thaobh aoise de agus ó thaobh cúlra socheacnamaíoch de.

Cruinnithe Iomlánacha na Comhdhála

I Seisiún Iomlánach na Comhdhála, caibidlíodh agus pléadh na moltaí ón bPainéal Saoránach náisiúnta agus ón bPainéal Saoránach Eorpach mar aon leis an ionchur a cruinníodh ón Ardán Digiteach Ilteangach, a rangaíodh de réir téamaí. Tar éis na saoránaigh na moltaí sin a thíolacadh, agus i ndiaidh iad a phlé leo, rinneadh, sa Seisiún Iomlánach, na tograí le haghaidh chonclúidí na Comhdhála a chur ar aghaidh chuig an mBord Feidhmiúcháin. Rinne an Bord Feidhmiúcháin tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar iomlán leis an Seisiún Iomlánach agus le trédhearcacht iomlán ina leith.
Rinne 108 n-ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa, 54 ionadaí ón gComhairle, 3 ionadaí ón gCoimisiún Eorpach, 108 n-ionadaí ó na parlaimintí náisiúnta, a bhí ar comhchéim le chéile, agus 108 saoránach, páirt a ghlacadh i Seisiún Iomlánach na Comhdhála. Bhí 18 n-ionadaí ó Choiste na Réigiún agus 18 n-ionadaí ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, 6 ionadaí tofa ó údaráis réigiúnacha agus 6 ionadaí tofa ó údaráis áitiúla, 12 ionadaí ó na comhpháirtithe sóisialta agus 8 n-ionadaí ón tsochaí shibhialta rannpháirteach ann freisin. Tionóladh cruinnithe Sheisiún Iomlánach na Comhdhála, a raibh an triúr Comhchathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin i gceannas orthu, ar áitreabh PE in Strasbourg i dteangacha oifigiúla uile an Aontais agus beoshruthaíodh freisin iad.

Toscaireacht Pharlaimint na hEorp

Bhí 108 bhFeisire ó na 7 ngrúpa pholaitiúla uile agus Feisirí Neamhcheangailte i dToscaireacht Pharlaimint na hEorpa chuig Seisiún Iomlánach na Comhdhála. Sa Toscaireacht freisin bhí seisear as seachtar ionadaithe agus breathnóirí na Parlaiminte ar Bhord Feidhmiúcháin na Comhdhála agus is é Guy Verhofstadt (Renew, BE) a bhí i gceannas uirthi. Thionóil an Toscaireacht a cuid cruinnithe roimh Sheisiúin Iomlánacha na Comhdhála chun rannchuidiú na Parlaiminte a ullmhú, ag tosú ón gcéad Seisiún Iomlánach an 18-19 Meitheamh 2021.