Todhchaí an Aontais Eorpaigh: moltaí na Parlaiminte chun na Conarthaí a leasú

23-11-2023 - Tar éis na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa agus i gcomhthéacs dúshláin nach bhfacthas riamh roimhe seo agus an iliomad géarchéimeanna, chuir FPEnna moltaí chun cinn chun an tAontas a athrú.

Tá an Pharlaimint ag moladh athchóirithe a neartóidh cumas an Aontais gníomhú agus a neartóidh guth na saoránach. I measc na bpríomh-mholtaí ó na Feisirí tá:

  • córas atá níos dírithe ar dhá dhlísheomra agus líon níos lú sainneacha sa Chomhairle, trí níos mó cinntí a ghlacadh le vótáil trí thromlach cáilithe agus tríd an ngnáthnós imeachta reachtach;
  • ceart iomlán tionscnaimh reachtaigh don Pharlaimint, mar aon le ról comhreachtóra sa bhuiséad fadtéarmach;
  • leasú ó bhonn ar na rialacha faoi chomhdhéanamh an Choimisiúin (a dtabharfaí an 'Feidhmeannas Eorpach' air feasta), lena n-áirítear toghadh Uachtarán an Choimisiúin (dhéanfadh an Pharlaimint an t-ainmniúchán agus d'fhormheasfadh an Chomhairle Eorpach é - aisiompú ar an bpróiseas atá ann faoi láthair) agus a chur ar chumas Uachtarán an Choimisiúin an Coláiste a roghnú bunaithe ar roghanna polaitiúla, agus cothromaíocht gheografach agus dhéimeagrafach á cur san áireamh, agus meicníocht chun Coimisinéirí aonair a cháineadh;
  • trédhearcacht i bhfad níos mó sa Chomhairle trí sheasaimh Bhallstáit an Aontais ar shaincheisteanna reachtacha a fhoilsiú; agus
  • guth níos láidre do na saoránaigh trí oibleagáid a chur ar an Aontas sásraí rannpháirtíochta iomchuí a chruthú agus trí ról níos láidre a thabhairt do na páirtithe polaitiúla Eorpacha.

Tuilleadh comhair ar leibhéal an Aontais

Iarrann na Feisirí tuilleadh cumhachtaí don Aontas a mhéid a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil, agus go mbeadh cumhachtaí comhroinnte ag an Aontas sna réimsí seo a leanas atá faoi shainchúram eisiach na mBallstát faoi láthair: an tsláinte phoiblí (go háirithe bagairtí sláinte trasteorann agus lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe), an chosaint shibhialta, an tionsclaíocht agus an t‑oideachas. Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumhachtaí comhroinnte atá ag an Aontas cheana i réimsí an fhuinnimh, na ngnóthaí eachtracha, na slándála seachtraí agus na cosanta, an bheartais teorann seachtraí, agus an bhonneagair trasteorann.

Rinne cúigear comhrapóirtéirí, a bhí ag déanamh ionadaíocht ar thromlach leathan sa Pharlaimint, ullmhú ar an tuarascáil, a formheasadh le 305 vóta i bhfabhar, 276 vóta i gcoinne agus 29 ag staonadh. Glacadh an rún a bhí ag gabháil léi le 291 vóta i bhfabhar, 274 vóta i gcoinne agus 44 ag staonadh. Tá athluanna ón gcúigear Feisirí freagracha le fáil anseo.

Tríd an tuarascáil seo a ghlacadh, tá an Pharlaimint ag freagairt d'ionchais na saoránach go mbeadh an tAontas níos éifeachtaí agus níos daonlathaí, i gcomhréir leis na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa.

Na chéad chéimeanna eile

Ó tharla go bhfuil na Feisirí tar éis a iarraidh an athuair Conarthaí an Aontais a leasú agus a iarraidh ar an gComhairle 'na moltaí [...] a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí láithreach agus gan aon phlé a dhéanamh orthu', is faoi chinn stáit nó rialtais an Aontais atá sé Comhthionól a ghairm - cinneadh is féidir a dhéanamh trí thromlach simplí. Meastar go gcuirfidh Uachtaránacht na Spáinne ar an gComhairle na tograí faoi bhráid na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag. Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéantar leasú ar Chonarthaí an Aontais.