Dtogra agus Ábhair
Ar an leathanach seo, aimseoidh tú cur síos achomhair ar thograí uile na Comhdhála agus na bearta sonracha comhfhreagracha. Leanann siad sin ord na naoi dtéama CoFE.
Chun téama a roghnú, cliceáil ar an roghchlár ar thaobh na láimhe deise. Taispeánfaidh sé ar dtús na tograí le haghaidh gach téama, agus cur síos achomair ar na bearta comhfhreagracha ina dhiaidh sin.
3. Geilleagar níos láidre, ceartas sóisialta agus poist
• Fás inbhuanaithe agus nuálaíocht
• Iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus an Margadh Aonair a dhoimhniú tuilleadh
• Margaí saothair cuimsitheacha
• Beartais shóisialta níos láidre
• An t-aistriú déimeagrafach
• Beartais fhioscacha agus chánach
Fás inbhuanaithe agus nuálaíocht: Sna tograí ó Chruinniú Iomlánach na Comhdhála, iarrtar ar an Aontas athrú chuig samhail fáis inbhuanaithe athléimneach, lena gcuirfear san áireamh na haistrithe glasa agus digiteacha a mbeidh gné láidir shóisialta acu sa Seimeastar Eorpach, agus lena dtabharfar cumhacht do shaoránaigh, do cheardchumainn agus do ghnólachtaí. Moltar freisin teicneolaíocht agus nuálaíocht Eorpach a threisiú chun rogha mhalartach inmharthana ar theicneolaíochtaí eachtracha a dhéanamh díobh, lena n-áirítear córais íocaíochta agus airgeadra aonair.
Iomaíochas an Aontais a fheabhsú agus an Margadh Aonair a dhoimhniú tuilleadh: Ba cheart do gheilleagar an Aontais éirí níos athléimní, níos iomaíche agus níos neamhspleáiche go straitéiseach, chuige sin molann na saoránaigh cultúr fiontraíoch a chur chun cinn ina spreagfar gnólachtaí de gach méad, agus go háirithe Micrifhiontair agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide (MFBManna), chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta, agus inar féidir leo bláthú agus rannchuidiú le sochaithe níos athléimní agus níos comhtháite.
Margaí saothair cuimsitheacha agus beartais shóisialta níos láidre: I gCruinniú Iomlánach na Comhdhála, moltar feabhas a chur ar fheidhmiú na margaí saothair chun dálaí oibre níos cothroime a áirithiú agus chun comhionannas inscne agus fostaíocht, lena n-áirítear fostaíocht daoine óga agus grúpaí leochaileacha, a chur chun cinn. Ní mór don Aontas, do na Ballstáit agus do na comhpháirtithe sóisialta obair a dhéanamh chun deireadh a chur le bochtaineacht lucht oibre, chun aghaidh a thabhairt ar chearta oibrithe ardáin, chun intéirneachtaí neamhíoctha a thoirmeasc agus chun soghluaisteacht chothrom lucht saothair a áirithiú san Aontas. Moltar sna tograí gur cheart don bheartas sóisialta díriú ar éagothromaíochtaí a laghdú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht lena n-áirítear bochtaineacht leanaí agus eisiamh sóisialta. Ba cheart inniúlachtaí an Aontais a neartú maidir le reachtaíocht chomhchuibhithe agus íoscheanglais a mholadh chun beartais shóisialta a chur chun cinn agus comhionannas na gceart a áirithiú, lena n-áirítear an tsláinte.
Beartais fhioscacha agus chánach: buiséad féin an Aontais a neartú lena acmhainní nua féin. Sna tograí éilítear cáin a aistriú ó dhaoine agus ó FBManna agus díriú ar imghabhálaithe cánach, truaillitheoirí móra agus na mórchuideachtaí digiteacha.