Dtogra agus Ábhair
Ar an leathanach seo, aimseoidh tú cur síos achomhair ar thograí uile na Comhdhála agus na bearta sonracha comhfhreagracha. Leanann siad sin ord na naoi dtéama CoFE.
Chun téama a roghnú, cliceáil ar an roghchlár ar thaobh na láimhe deise. Taispeánfaidh sé ar dtús na tograí le haghaidh gach téama, agus cur síos achomair ar na bearta comhfhreagracha ina dhiaidh sin.
6. An Claochlú digiteach
Dtogra
• Rochtain ar bhonneagar digiteach
• Litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha lena dtugtar cumhacht do dhaoine
• Sochaí dhigiteach atá sábháilte agus iontaofa-cibearshlándáil agus mífhaisnéis
• Sochaí dhigiteach atá sábháilte agus iontaofa-cosaint sonraí
• An nuálaíocht dhigiteach chun an geilleagar sóisialta agus inbhuanaithe a neartú
Ba cheart go mbeadh rochtain ag muintir na hEorpa go léir ar réitigh dhigiteacha: Tá rochtain chomhionann ar an idirlíon ina ceart bunúsach ag gach saoránach Eorpach. Feictear do Chruinniú Iomlánach na Comhdhála gur bonn do chlaochlú digiteach rathúil gurb ea infheistíocht i mbonneagar digiteach Eorpach ardchaighdeáin nuálaíoch. Áirítear leis sin rochtain thapa inacmhainne shlán chobhsaí ar an idirlíon ar fud an Aontais agus gréasáin 5G agus 6G a fhorbairt. Ní mór don Aontas gaibhniú díoltóirí a sheachaint agus a áirithiú, i gcleachtas, go bhfuil rochtain ag gach duine ar an idirlíon chomh maith le crua-earraí. Ba cheart freisin do sheirbhísí digiteacha Eorpacha éirí idir-inoibritheach agus ba cheart dóibh réitigh ghlasa inbhuanaithe a lorg.
Tá scileanna digiteacha ríthábhachtach do chlaochlú digiteach rathúil: Cuirtear béim sna tograí ar an bhfíoras nach mór don Aontas a áirithiú gur féidir le gach saoránach Eorpach ó gach aoisghrúpa tairbhe a bhaint as an digitiú, trína chumasú leis na scileanna digiteacha agus na deiseanna riachtanacha, lena n-áirítear rochtain a áirithiú ar oiliúint agus oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil faoi scileanna agus litearthacht dhigiteach. Moltar sa Chruinniú Iomlánach cláir agus curaclaim chaighdeánacha ar leibhéal an Aontais a chruthú a chumhdaíonn na rioscaí agus na deiseanna a thagann leis an idirlíon, cearta na n-úsáideoirí ar líne agus an bhéasaíocht idirlín. Chabhródh tuilleadh deimhnithe ón Aontas a bhaineann le scileanna digiteacha le daoine óga ina ngairmeacha amach anseo. Áirítear leis na bearta a mholtar tuilleadh tionscnaimh oiliúna a fhorbairt chun oibrithe a ath-oiliúint agus a uas-sciliú ionas go mbeidh siad níos iomaíche i gcónaí sa mhargadh saothair.
Sochaí dhigiteach atá sábháilte agus iontaofa - an chibearshlándáil agus mífhaisnéis: Ba cheart don Aontas cur chun feidhme éifeachtach tapa reachtaíochta atá ann cheana a áirithiú agus ba cheart go mbeadh níos mó cumhachtaí acu an chibearshlándáil a fheabhsú ionas go mbeadh sochaí dhigiteach a bheadh sábháilte, athléimneach agus iontaofa ann. Roinnt bearta nithiúla a mholtar ná acmhainneachtaí Europol/Ionad Cibearchoireachta na hEorpa a neartú, comhchumais chibearchosanta Eorpacha a fhorbairt i gcoinne ionsaithe ar mórscála, agus bonneagar athléimneach agus cainéil chumarsáide mhalartacha a áirithiú i gcás lándorchaithe. Ó thaobh na mífhaisnéise de, tá sé ríthábhachtach litearthacht dhigiteach agus machnamh criticiúil a fheabhsú, chomh maith le reachtaíocht agus treoirlínte d'ardáin ar líne agus do chuideachtaí meán sóisialta chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí mífhaisnéise agus bearta trédhearcachta a chur chun feidhme. Tá gá le formhaoirseacht dhaonna agus rialú daonna ar phróisis chinnteoireachta in úsáid na hintleachta saorga agus algartam.
Ceannasacht sonraí: Tá sé mar aidhm leis na tograí smacht níos fearr a thabhairt do dhaoine ar a sonraí féin, chun feasacht a mhéadú ar rialacha cosanta sonraí san Aontas agus chun na rialacha sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. Ní mór RGCS a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear ag cuideachtaí nach dtagann ón Aontas, agus gan tuilleadh ualach a chur ar FBManna. Teastaíonn faisnéis shoiléir ó úsáideoirí maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear a sonraí agus cé a úsáideann iad. Ní mór iarratais ar scriosadh buan sonraí a chomhlíonadh go tráthúil. Mura gcloíonn cuideachtaí leis na rialacha cosanta sonraí, ní mór smachtbhannaí atá comhréireach lena gcuid láimhdeachais a chur i bhfeidhm. Ní mór cuidiú le saoránaigh má thagann siad ar fhadhbanna le rogha an diúltaithe, agus tá rialacha uile-Aontais ag teastáil maidir le críoch a chur le hiompar mí-úsáideach, rochtain ar shonraí a chúlghairm agus pionós a ghearradh ar chalaoiseoirí.
An nuálaíocht dhigiteach i gcomhair geilleagar inbhuanaithe: cur chuige duinelárnach: Áirítear leis bearta chun an geilleagar agus an margadh aonair a neartú tríd an digitiú cur chuige 'duinelárnach' d'obair a thabhairt isteach trí cheart chun dícheangail a áirithiú. Tá dreasachtaí ag teastáil ó chuideachtaí san Aontas chun bheith freagrach go sóisialta agus chun poist ardchaighdeáin a choinneáil san Eoraip. Ba cheart go mbeadh formhaoirseacht dhaonna ann i gcás ina n-úsáidtear an intleacht shaorga san ionad oibre agus go mbeadh trédhearcacht ann faoi algartaim. Caithfear tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a bhaineann le hintleacht shaorga iontaofa fhreagrach, chomh maith le teicneolaíocht an bhlocshlabhra agus néalseirbhísí. Tá gá le tuilleadh tacaíochta don chianobair trí idirlíon iontaofa tapa, oiliúint dhigiteach agus trealamh oifige eirgeanamaíoch don bhaile. Teastaíonn rochtain chothrom ó FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta ar chistiú agus níos lú ualaigh dhlíthiúla chun cuidiú leo gníomhaíochtaí trasteorann a shaothrú. Teastaíonn rochtain ó ghnólachtaí ar shonraí slána, agus ní mór digitiú seirbhísí poiblí a chur chun cinn. Tacaíonn Cruinniú Iomlánach na Comhdhála le haitheantas digiteach comhchoiteann Eorpach a thabhairt isteach, bogearraí foinse oscailte a chur chun cinn san oideachas agus aip Eorpach a chruthú le haghaidh faisnéis ar tháirgí tomhaltais agus táirgí cothaithe.