Dtogra agus Ábhair
Ar an leathanach seo, aimseoidh tú cur síos achomhair ar thograí uile na Comhdhála agus na bearta sonracha comhfhreagracha. Leanann siad sin ord na naoi dtéama CoFE.
Chun téama a roghnú, cliceáil ar an roghchlár ar thaobh na láimhe deise. Taispeánfaidh sé ar dtús na tograí le haghaidh gach téama, agus cur síos achomair ar na bearta comhfhreagracha ina dhiaidh sin.
1. An t-athrú aeráide agus an comhshaol
• Talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú(1)
• Talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú(2)
• An t-athrú aeráide, fuinneamh, iompar
• An t-athrú aeráide, fuinneamh, iompar
• Tomhaltas inbhuanaithe, pacáistiú agus táirgeadh
• Faisnéis, feasacht, comhphlé agus stíl mhaireachtála
Talmhaíocht, táirgeadh bia, bithéagsúlacht agus éiceachórais, truailliú: Molann Cruinniú Iomlánach na Comhdhála fóirdheontais a atreorú agus dreasachtaí a neartú i dtreo feirmeoireacht orgánach agus talmhaíocht inbhuanaithe, lena n-áirítear aistrithe carbóin a dheimhniú, ionas go mbeadh an táirgeadh bia san Eoraip sábháilte, inbhuanaithe, cóir, freagrach ó thaobh na haeráide de agus inacmhainne, a chosnódh an bhithéagsúlacht. Iarrtar sa chruinniú freisin go laghdófaí úsáid lotnaidicídí agus leasachán ceimiceach go suntasach, agus slándáil bia fós á áirithiú, agus go ndéanfaí tuilleadh taighde agus nuálaíochta agus go mbeadh dálaí níos fearr ann d'fheirmeoirí.
Deirtear sna tograí gur gá don Aontas cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta a mhéadú chun an bhithéagsúlacht, an tírdhreach agus na haigéin a chosaint agus a athchóiriú, agus chun truailliú a dhíothú. Ba cheart go mbeadh tacaíocht don athfhoraoisiú agus spriocanna ceangailteacha náisiúnta sna Ballstáit. Ba cheart pailneoirí agus feithidí eile a chosaint ar bhealach níos fearr agus ní mór go méadófar iarrachtaí chun foinsí uisce a chosaint agus chun truailliú in aibhneacha agus sna haigéin a chomhrac. Ba cheart go gcuirfí spásanna glasa san áireamh roimh thógálacha nua. Ba cheart an cosc ar phlaistigh aon úsáide a fhorfheidhmiú agus a leathnú.
An t-athrú aeráide, fuinneamh, iompar: Moltar sna tograí spleáchais ar allmhairí ola agus gáis a laghdú, chun neamhspleáchas fuinnimh na hEorpa a fheabhsú, chun fuinneamh leordhóthanach, inacmhainne agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hEorpa agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Chuige sin, ní mór don Aontas dlús a chur leis an aistriú glas, go háirithe trí thuilleadh infheistíochtaí a dhéanamh san fhuinneamh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, iompar poiblí a dhéanamh níos inacmhainne, bonneagar rothaíochta a fheabhsú agus úsáid (chomhroinnte) feithiclí leictreacha a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas infheistíocht a dhéanamh i dtraenacha ardluais agus i seirbhísí traenach oíche chun rogha mhalartach inchreidte a chur ar fáil agus chun an fhéidearthacht go n-ionadófaí agus go díspreagfaí eitiltí gearrthurais a éascú. Ní mór don Aontas cistiú leordhóthanach a leithdháileadh ar an aistriú glas cóir agus ar chosaint oibrithe agus post agus ar phacáiste infheistíochta a chur ar bun i gcomhair teicneolaíochtaí atá tairbheach don aeráid, a mhaoineofar trí thobhaigh coigeartaithe carbóin ar theorainneacha.
Tomhaltas inbhuanaithe, pacáistiú agus táirgeadh: Ionas go n-éireoidh sé níos ciorclaí, níos féinrialaithí, agus níos neamhspleáiche, ní mór don Aontas táirgí inbhuanaithe a chur chun cinn chun a áirithiú go gcomhlíonann gach táirge a chuirtear ar mhargadh an Aontais caighdeáin arda chomhshaoil an Aontais. Ba cheart é sin a dhéanamh trí chóras trédhearcach lipéadaithe a bhunú do gach táirge a dhíoltar san Aontas maidir lena lorg comhshaoil trí chód QR agus éicea-scór, nó an Pas Táirge Digiteach, a úsáid. Chun tuilleadh dramhaíola (lena n-áirítear onnmhairiú dramhaíola) a sheachaint, ní mór spriocanna coisc agus athúsáide a shocrú agus scéim aisíoca éarlaise uile-Aontais do phacáistíocht a chur i bhfeidhm. I gCruinniú Iomlánach na Comhdhála, iarrtar freisin go gcuirfí straitéis uaillmhianach inbhuanaithe teicstílí chun feidhme go mear chomh maith le bearta chun dul i ngleic le dífheidhmeacht luath nó anaibí (lena n-áirítear dífheidhmeacht phleanáilte) agus go gcuirfí gníomhaíochtaí de chuid an Aontais chun feidhme lena gcumasaítear agus lena spreagtar tomhaltóirí táirgí a úsáid ar feadh tréimhse níos faide agus lena gcuirtear ceart chun deisiúcháin chun cinn.
Faisnéis, feasacht, comhphlé agus stíl mhaireachtála: Chun eolas, feasacht, oideachas agus comhphlé ar an gcomhshaol, an athrú aeráide, tomhaltas fuinnimh agus inbhuanaitheacht a chothú, moltar sa Chruinniú Iomlánach go gcruthófaí ardán faisnéise idirghníomhach, a seiceálfaí a fhíricí, ar a mbeadh faisnéis chomhshaoil eolaíoch a nuashonrófar go rialta, agus go dtacófaí le feachtais faisnéise maidir le héicifeasacht, lena n-áirítear feachtas fadtéarmach ón Aontas i gcomhair tomhaltas agus stíl mhaireachtála inbhuanaithe. Ba cheart ról agus gníomhaíocht an Aontais i réimse an chomhshaoil agus an oideachais a mhéadú trí inniúlacht an Aontais i réimse an oideachais faoin athrú aeráide agus faoin gcomhshaoil a leathnú agus trí úsáid cinnteoireachta trí thromlach cáilithe a leathnú maidir le hábhair a shainaithnítear mar 'leas Eorpach', amhail an comhshaol. I gCruinniú Iomlánach na Comhdhála, táthar ag iarraidh freisin go bhforbródh an tAontas cairt choiteann Eorpach a dhíreodh ar shaincheisteanna comhshaoil agus a chuirfeadh cúrsaí oideachasúla agus ábhair teagaisc (lena n-áirítear faoi tháirgeadh bia agus cosaint bhithéagsúlachta) ar fáil do chách chun litearthacht aeráide agus inbhuanaitheachta a mhéadú. Ba cheart aiste bia atá bunaithe ar phlandaí a chur chun cinn freisin.